
#21 Ramall Réamh-Nollag: 2025 agus Gaeilge Thar Lear
About this episode
Sa chlár seo de Gaeilge Thar Lear, féachaim siar ar 2025 agus cuirim ceist shimplí: cén sort bliain a bhí inti?
Ar ardán an domhain mhóir, bhí duine amháin chun tosaigh ar gach rud — ach mar a léigh mé uair amháin ar chomhartha i dtigh tábhairne in An Daingean: “No Trump Talk.” Mana maith le coinneáil i gcuimhne, dar liom.
Is ramall réamh-Nollag atá anseo, áit a labhraím faoi líon na n-éisteoirí le Gaeilge Thar Lear, roinnim libh na háiteanna ar fud an domhain as a mbíonn sibh ag éisteacht, agus déanaim machnamh ar chuid de bhuaicphointí pearsanta na bliana. An raibh 2025 ina bliain mhaith? Cén leabhar ab fhearr a léigh mé? Cad iad na podchraoltaí a raibh mé ag éisteacht leo i rith na bliana?
Taifeadadh an eipeasóid seo tar éis chlár na seachtaine seo chugainn, “Ag Féachaint Chun Cinn go 2026”, rud a bhí beagáinín ait. Taifeadadh go déanach san oíche í freisin, agus gan ach nótaí leathchríochnaithe agam, tar éis cúpla lá dúshlánach agus páistí tinn sa teach — ach sin é an saol (agus an phodchraoltóireacht!).
Cibé áit ina bhfuil sibh, tá súil agam go mbeidh Nollaig álainn agaibh agus go mbainfidh sibh taitneamh as an am a chaitheamh le cairde, le clann agus leo siúd is ansa libh.
Nollaig Shona,
Oisín
_________________________________________________________________________________________
This episode of Gaeilge Thar Lear looks back at 2025 and asks a simple question: what kind of year was it?
On the world stage, one man seemed to dominate everything — but as a sign I once saw in a pub in An Daingean put it: “No Trump Talk.” A good mantra to keep in mind.
This is a pre-Christmas ramble where I talk through the listening figures for Gaeilge Thar Lear, share where in the world you’re all tuning in from, and reflect on some of my personal highlights from the year. Was 2025 a good year? What was the best book I read? Which podcasts did I spend the most time listening to?
This episode was recorded after next week’s “Looking Ahead to 2026” podcast, which made for a slightly strange experience. It was also recorded quite late and with only half-finished notes, following a few challenging days with sick children — but such is podcasting.
Wherever you are, I hope you have a lovely Christmas and get to enjoy some quality time with friends, family, and loved ones.
Nollaig Shona,
Oisín
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Get every episode summarized
Each time Gaeilge Thar Lear publishes, we email you a written briefing from the transcript — the topics, who appeared, and any specific claims, with the ad reads skipped.
Email me new episodesFree for 3 shows. No card needed.
Hosts & guests
No transcript yet
This episode has not been transcribed. Request it and it moves to the front of the queue.
More episodes
More from Gaeilge Thar Lear

#31b Níos Éasca Dhá Mhéadar: Scéalaíocht agus Rothaíocht (GA-EN)
Gaeilge Thar Lear

#31 Dhá Mhéadar: Scéalaíocht agus Rothaíocht
Gaeilge Thar Lear

#30b Níos Éasca - Na Scéaltaí a Fanann Linn - The Tales that Really Mattered
Gaeilge Thar Lear

#30 Na Scéaltaí a Fanann Linn - The Tales that Really Mattered
Gaeilge Thar Lear